Camógaíocht/Iománaíocht
Tá foireann láidir camógaíochta agus iománaíochta ag an scoil agus glacann siad páirt i gComórtaisí Cumann na mBunscol, Mini 7’s agus i go leor bliotsanna éagsúla chuile bhlian. Bíonn traenáil ag na paistí tar éis scoil uair sa tseachtain le Múinteoirí Martina, Saoirse,Tara agus Tommy Ó Fátharta, traenálaí atá curtha ar fáil don scoil faoin Scéim OiIiúna Scoileanna Gaeltachta. Toisc an ngrá atá ag go leor múinteoirí ar an bhfoireann don chluiche ní bhíonn gantannas múinteoirí ann le dul chuig cluichí leis na bpáistí. Eagraíonn an scéim oiliúna, Bliots mór idir na scoileanna gaeltachta, do phaistí Rang 4-Rang 6 agus tá sé seo buaite go minic ag an scoil. Déantar an traenáil ar fad ar an Astró, ar an bpáirc nó sa halla breá mór atá againn ag brath ar an aimsir.
Tagann Gerry Spellman isteach chugainn freisin le linn am scoile agus déanann sé traenáil le ranganna éagsúla, chomh maith le bliots a éagrú idir na scoileanna cathracha.
Tá an tádh linn sa scoil go bhfuil dhá Chlub áitiúla againn, Bóthar na Trá/ Cnoc na Cathrach agus Rathúin/Caisleán Nua a thugann an- tacaíocht dúinn i gcónaí, idir séisiún traenálaithe, treallamh agus tacaíocht ag cluichí scoile. De bhar an nasc seo imríonn go leor de na páistí le club agus tá muid fíor bhuíoch dhóibh. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.