Ranganna Síníse

Chinese

Ranganna Síníse

Tháinig Múinteoir Sínise isteach go dtí an dá Rang 6 arís i mbliana. Mhúin sí do na páistí faoi chultúr agus faoi theanga na Síne. Bhí an-spraoi againn ag foghlaim faoin bhféilire Síneach, faoi uimhreacha speisialta, faoi scríbhneoireacht agus ealaín na Síne agus dár ndóigh, d’fhoghlaim muid cén chaoi comhrá a bheith againn freisin. Is taithí iontach é seo do na páistí agus thug sé blas dóibh ar chultúr nua, ar theanga nua agus ar stíl scríbhneoireacha nua. Beidh na páistí ag foghlaim teangacha iasachta sa mheánscoil an chéad bhliain eile agus beidh deis acu cur leis an eispéireas iontach foghlama a bhí acu i mbliana.

我們喜歡學習中文