Oideachais Idirnaisiúnta san Imshaoil
Tá an clár glas faoi lánseol sa scoil ón bhliain 2000. Is clár oideachais comhshaoil idir-náisiúnta é an clár seo. An aidhm atá ag baint leis an gclár is ea go mbeadh na páistí feasach faoi chúrsaí timpeallachta. Bíonn beirt pháistí ó chuile rang ó Rang 3 go Rang 6 ar an gCoiste Glas agus casann siad ar a chéile ar a laghad uair amháin gach téarma chun cúrsaí timpeallachta a phlé.
Bronnadh an t-ochtú Brat Glas ar an scoil ag deireadh na scoilbliana 2019/2020. Bronnadh an brat seo ar an scoil de bharr na hoibre ar fad a rinne muid ar an dtéama Timpeallacht Mhuirí agus ár n-iarrachtaí leibhéal feasachta a mhéadú maidir le tábhacht thimpeallacht na mara.