Clár Fionnachtáin Eolaíochta
Múineann na múinteoirí ó na Naíonáin go Rang 6 Eolaíocht agus déantar cinnte go bhfuil an páiste lárnach sna ceachtanna eolaíochta. Glacann múid páirt sa chlár Discover Primary Science Maths agus tá duaiseanna bainte amach againn le sé bliana déag anuas.
Ceann de bhuaicphointí na bliana is ea an Lá Oscailte Eolaíochta le linn Sheachtain na hEolaíochta. Réitíonn Rang 5 & 6 turgnaimh eolaíochta lena múinteoirí agus míníonn na páistí na turgnaimh eolaíochta chomh maith leis an eolaíocht taobh thiar díobh do phobal na scoile.