Bí Folláin

Sláinte Mheabhrach

Deirtear gurb é sláinte mheabhrach ná staid folláine ina dtuigeann gach duine a chumas féin, inar féidir léi/leis déileáil le gnáthbhrú an tsaoil, inar féidir léi/leis oibriú go táirgiúil agus go torthúil, agus ina bhfuil sé nó sí in ann cur go mór leis an bpobal.

Tá sé mar aidhm againn anseo i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, sláinte mheabhrach agus folláine na foirne agus na bpáistí uile a bhunú, a chur chun cinn agus a chothabháil trí na dea-chleachtais uilig atá bunaithe anseo ar scoil againn agus na múinteoirí agus páistí a spreagadh chun freagracht a ghlacadh as a sláinte mheabhrach agus a bhfolláine féin.

Déanaimid ár ndícheall timpeallacht agus cultúr foghlama a sholáthar agus a chothabháil a thacaíonn le sláinte mheabhrach agus folláine dhearfach agus nach nglacann le hidirdhealú (lena n-áirítear bulaíocht agus ciapadh).

Ciallaíonn cur chuige comhsheasmhach go gcuireann timpeallacht na scoile agus éiteas na scoile sláinte mheabhrach dhearfach phobal na scoile uile chun cinn.

Mental Health

Cláir & Tionscnaimh

Tá liosta thíos de na cláir agus de na tionscnaimh a tugadh isteach inár scoil thar na blianta chun a chinntiú go soláthraíonn ár scoil deiseanna a chuireann sláinte mheabhrach dhearfach chun cinn, tríd an gcuraclam agus gníomhaíochtaí eile. Trí raon leathan gníomhaíochtaí á soláthar tugtar an deis agus an spreagadh do gach páiste a gcuid buanna agus tallanna féin a aimsiú.

  • Feachtas Frithbhulaíochta, Aistear, MindUP – Sosanna Inchinne, Blianta Dochreidte, Friends for Life
  • Ranganna Athstruchtúraithe, Zippy’s Friends, Playworks
  • Seachtain Chairdeas, Bí Slán, O.S.P.S.
  • Seachtain Ghníomhach, OCG, Am Órga,
  • Foireann Cothaithe Slainte, Comhairle na bPáistí, Seachtain Oidhreachta,
  • Foireann Ceannaireachta, Gníomhaíochtaí foghlama difreáilte, Amchláir aonair,
  • Sosanna gluaiseachta, Grúpaí tuismitheoirí / cúramóirí, Clár Fiontraí Sóisearach
  • Damhsa Gaelach, Badmantan, Ióga
    Foirne lena n-áirítear Iománaíocht,
  • Camógaíocht, Buachaillí & Cailíní Peile
  • Gaelacha, Cispheil, Liathróid Láimhe
  • Oilimpeach, Lúthchleasaíocht, Sacar agus Snámh
  • Clubanna tar éis scoile, Cór / Ceolfhoireann / Ficheall / Club Scratch / Fraincis / Ukulele / Ceardaíocht / Ealaín / Díospóireacht / Tráth na gCeist Boird srl.

Lá na Seantuismitheoirí

Déanann muid Lá na Seantuismitheoirí á cheiliúradh chuile bhliain mar chuid de Sheachtain na Scoileanna Caitliceacha, ag deireadh Mhí Eanáir. Tugann muid cuireadh do Sheantuismitheoirí pháistí Rang a hAon teacht ar cuairt chuig an scoil. Bíonn seirbhís paidreoireachta againn sa halla. Scríobhann gach páiste paidir bheag dá seantuismitheoirí féin nó do dhuine faoi leith a bhaineann leo. Canann na páistí amhráin agus casann siad tiúineanna ar na feadóga, a bhí ag na seantuismitheoirí agus iad féin ar scoil. Bíonn soláistí acu i ndiaidh na seirbhíse agus deis acu caint agus comhrá a dhéanamh. Tugann siad cuairt ar sheomraí ranga na ngasúr, atá maisithe le healaín Lá na Seantuismitheorí. Lá álainn a bhíonn ann ina ndéanann na páistí ceiliúradh ar thábhacht a seantuismitheoir agus ar an ngrá atá acu dóibh.

Comhairle na nDaltaí

Is grúpa daltaí é Comhairle na nDaltaí a thoghtar chun guth a thabhairt do pháistí uile na scoile. Tugann sé deis iontach do na daltaí a bheith níos gníomhaí i bhfeidhmiú na scoile. Baineann an scoil ar fad leas as an gComhairle – daltaí, múinteoirí agus lucht bainistíochta, mar go dtugann sé deis do na daltaí a dtuairimí a chur in iúl chomh maith le cinntí a dhéantar a phlé. Tá sé de dhualgas orthu a dtuairimí agus tuairimí na bpáistí eile a chur in iúl. Casann siad lena chéile chun fadhbanna agus smaointe a phlé. Pléitear ábhar dá leithéidí áiseanna, infrastructúr na scoile, iompar, rialacha, ceisteanna i bPobal Chnoc na Cathrach, smaointe faoi airgid a bhailiú agus ócaidí spraíúla scoile. Foghlamaíonn siad go leor scileanna éagsúla agus iad ar an gComhairle agus molaimid an obair iontach a dhéanann siad.

Student Council