Matamaitic

Maths

Léargas

Cuireann an mhatamaitic ar chumas an pháiste smaoineamh agus cumarsáid a dhéanamh go cainníochtúil agus go spásúil, fadhbanna a réiteach, cásanna a aithint nuair is féidir an mhatamaitic a úsáid, agus an teicneolaíocht chuí a úsáid chun tacú leis seo. Cuireann Curaclam na Matamaitice béim ar fhorbairt scileanna meastacháin agus scileanna fadhbréitigh an pháiste ag úsáid samplaí a bhaineann le taithí an pháiste. Spreagtar plé, eispéireas teagmhála le hábhair, agus foghlaim ghníomhach ó na naíonáin go dtí rang a sé, agus cuirtear béim chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le forbairt theanga na matamaitice chun smaointe a chur in iúl. Creidtear go bhfuil forbairt scileanna uimhearthachta lárnach do shaol an pháiste laistigh agus lasmuigh den scoil araon agus mar bhonn ratha d’oideachas níos deanaí ina saoil.

An Curaclam Matamaitice

Cuirtear an t-ábhar i láthair i mbloic dhá bhliain ach déantar gach leibhéal ranga a dhílíneadh go soiléir. Cuirtear an Curaclam Matamaitice i láthair ina dhá mhír ar leith.

Cuimsíonn sé mír d’fhorbairt scileanna a chuireann síos ar scileanna ba chóir do pháistí a bhaint amach de réir mar a fhorbraíonn siad go matamaiticiúil. Cuimsíonn na scileanna seo:

  • cur i bhfeidhm agus réiteach fadhbanna
  • cumarsáid agus cur in iúl
  • comhtháthú agus nascadh
  • réasúnaíocht
  • cur i bhfeidhm
  • tuiscint agus tabhairt chun cuimhne

Cuimsíonn sé roinnt snáitheanna chomh maith a choimríonn ábhar atá le bheith sa chlár matamaitice ag gach leibhéal. Cuimsíonn gach snáithe roinnt snáithaonad. Ag brath ar leibhéal an ranga, is féidir go gcuimseodh snáitheanna:

  • Luathghníomhaíochtaí matamaiticiúla
  • Uimhreas
  • Ailgéabar
  • Cruth agus spás
  • Tomhais
  • Sonraí