Drámaíocht

Nanny Foirfe 4 le Mary

Éachtanna sa drámaíocht

Tá ainm na scoile i mbéal an phobail leis na gaiscí atá bainte amach aici in earnáil na drámaíochta le blianta beaga anuas. Aithníonn pobal na scoile an tábhacht a bhaineann leis an drámaíocht ó thaobh fhéinmhuinín an pháiste a fhorbairt, comhoibriú ranga agus eiseamláirí teanga a fhoghlaim agus a shealbhú. Tugtar deis do chuile pháiste páirt a ghlacadh i ndráma stáitse, idir cheoldrámaí agus ghnáthdrámaí, le linn a gcuid ama ar scoil, agus is i Rang 4 a chuirtear isteach ar an bhFéile Scoildrámaíochta de ghnáth. Éiríonn le Rang 4 dul chomh fada le Craobh na hÉireann beagnach gach bliain. Anuraidh, bhuaigh an dá dhráma le Rang 4, Craobh na hÉireann ina gcomórtais féin leis an dráma ‘Paddington’ agus an ceoldráma ‘An Nanny Foirfe’. Ní hamháin sin ach bronnadh gradam ‘Scothléiriú na Féile’ ar an gCeoldráma ‘An Nanny Foirfe’ agus an bhliain roimhe sin don cheoldráma ‘Thíos faoi na dTonn’. Ba mhór an onóir don scoil agus do Rang 4 Mary, an t-aitheantas sin a fháil. I mbliana, bhain páistí taitneamh agus tairbhe as na drámaí

Oilibhéar agus a Chairde

‘Oilibhéar agus a Chairde’ agus ‘Jeaic agus an Gas Pónaire’ a chur ar stáitse faoi stiúir na múinteoirí Deidre, Siobhán, Máire, Ciarán agus Gearóidín. Cé gur cuireadh deireadh leis an bhFéile de bharr na paindéime Covid-19, bronnadh cúpla duais ar an dá dhráma ag Féile na Gaillimhe agus Féile Chonnacht cuir i gcás Buaiteoirí a gcatagóir féin (ceoldrámaí), “Dráma nua-scríofa is fearr” agus “Aisteoir is fearr”. Táimid fíorbhródúil as iarrachtaí agus obair na bpáistí i mbliana agus fíorbhuíoch do Mhúinteoirí Rang 4 a bhíonn ag obair go dian leis an drámaíocha gach bliain ó thús mhí Eanáir ar aghaidh.