Díospóireacht

Debating

Díospóireacht

Ghlac Rang 6 páirt sa chomórtas díospóireachta ‘Sr. Mary de Lourdes Fahy Galway Primary Schools Debating‘ arís i mbliana agus d’éirigh linn dul go dtí an babhta ceathrú ceannais. Bhí an-spraoi againn sa rang ag cur díospóireachtaí éagsúla i láthair agus ag cleachtadh lena chéile. D’fhoghlaim na páistí scileanna teanga, óráidíochta poiblí, scileanna taighde agus cur i láthair agus d’fhás a muinín go mór dá bharr. Bhí comórtais againn in Orán Mór agus san Ionad Oideachais agus d’éirigh go hiontach le foireann díospóireachta GMA. Bhí an caighdeán fíor-ard agus bhí muid thar a bheith bródúil astu. Tá súil againn go leanfaidh na páistí leo ag díospóireacht sa mheánscoil agus sna blianta amach romhainn.