Ceol

Amhlaigh-0008

Croílár

Cuirtear béim mhór ar an gceol mar ghné lárnach de chultúr agus de shaol na scoile. Glacann gach páiste ó rang 3-6 páirt i gcór na scoile agus canaimid ag ócáidí éagsúla i rith na bliana lena n-áirítear sacraimintí, ceiliúradh na Nollag, Aifreann Lá Fhéile Pádraig agus imeachtaí éagsúla i Séipéal Naomh Eoin Aspal, Cnoc na Cathrach. Tá ceolfhoireann na scoile faoi lán seoil againn chomh maith. Cuirtear fáilte roimh pháistí i Rang 4-6 páirt a ghlacadh sa cheolfhoireann agus bíonn réimse leathan uirlisí á sheinm againn dá leithéidí an fhidil, an bosca ceoil, an consairtín agus an maindilín. Buailimid le chéile uair sa tseachtain tar éis na scoile chun cleachtadh a dhéanamh, faoi stiúir na Múinteoirí Deirdre, Eliosia agus Máire. Táimid an-bhródúil as ár gcuid ceoltóirí agus cuireann siad go mór lenár n-imeachtaí scoile. Múintear an fheadóg stáin ó Rang 1-6 mar chuid den churaclam ceoil.

2019 / 2020 Peace Proms

Le linn na scoilbhliana 2019/2020, ghlac an dá Rang a 5 páirt i gceolchoirm Peace Proms in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is clár oideachais cheoil é Peace Proms do pháistí bunscoile a chuireann ‘síocháin trí cheol’ chun cinn ar fud Dheisceart & Thuaisceart na hÉireann. B’iontach an deis é do na páistí oibriú leis an stiúrthóir ceoil Greg Beardsell, chomh maith le hamhránaithe, ceoltóirí & damshsóirí proifisiúnta. Chaith na páistí cúpla mí ag foghlaim amhráin cháiliúla dá leithéidí ‘A Million Dreams’ ó ‘The Greatest Showman’, chomh maith le hamhráin agus geáitsí do cheol Queen. Ba mhór an onóir do thuismitheoirí, a gcuid páistí a fheiceáil ar stáitse leis na céadta páiste i gcór na n-óg, le tionlacan ón gceolfhoireann shiansach Cross Border Orchestra of Ireland (CBOI). Chuir an stiúrthóir cáiliúil Greg Beardsell taispeántas draíochtúil, spreagúil ar siúl do chuile dhuine a bhí páirteach & i láthair ar an oíche. Cinnte, ní dhéanfaidh na páistí dearmad ar an oíche mhór cheoil Peace Proms– Deis nach bhfaighidh siad ach uair sa gcéad.