Ealaín

Ealaín le rang Naíonáin Mhóra

Bratach na n-Ealaíon

Is tionscnamh scoile iomláine é seo chun rannpháirtíocht ealaíne i suíomh na scoile a chur chun cinn. Roghnaíodh Gaelscoil Mhic Amhlaigh i 2019 chun dul i mbun an tionscnaimh inar oibrigh ealaíontóir cónaithe le páistí Rang a Dó na scoile thar thréimhse. Déanann Acorn Life Group urraíocht ar an gclár seo.

Céard é Bratach na n-Ealaíon?

Tá sé i gceist go mbeadh Bratach na nEalaíon ina ráiteas gnóthachtála agus intinne maidir le suntasacht agus stádas na n-ealaíon sa scoil. ‘Beacon’ infheicthe a bheidh ann a léirigh tiomántas do thábhacht na rannpháirtíochta sna healaíona do pháistí na scoile, laistigh agus lasmuigh dá seomraí ranga.

Bhí áthas orainn agus bhí sé de phribhléid againn nuair a bhronn Marc Mac Lochlainn ón gCompántas Branar, An Bratach Ealaíon orainn in 2019-2020. Thug an tionscnamh seo deis uathúil dár scoil oibriú leis an ealaíontóir áitiúil, Dara McGee, a raibh a thiomántas, a fhuinneamh agus a inspioráid éachtach, i rith an phróisis iomláin seo i dtreo ár ngradam a bhaint amach .

Cuireadh dráma puipéad iontach na bpáistí os comhair lucht féachana na scoile níos luaithe i mbliana. Thug na carachtair is fearr leis na páistí ionspioráid do na páistí i gcruthú na bpuipéad seo agus chun an sceits dramaíochta a chur le chéile. Cuireadh trí leiriúchán d’obair rang a dó ar stáitse os comhair na scoile agus thug sé seo an-ugach agus misneach do na páistí.

Rang a 2 Eliosia – Dónall Dána agus a chairde
Rang a 2 Martina & Michelle – An Muicín Cliste
Rang a 2 Joe – An Roicéad agus an t-Aon-adharcach

Ealaín

Ceardlann Ealaíne le Diane Jameson

Bhí rang a trí ar bís nuair a tháinig cuairteoir speisialta isteach, an t-ealaíontóir Diane Jameson. Bhí lá iontach againn léí ag pleanáil, ag plé agus ag cruthú ealaíne le chéile. Is le cré a bhí muid ag obair ach rinne muid go leor sceitsí ar dtús. Fuair muid tuairimí agus spreagadh ón dúlra thart timpeall orainn. Tar éis dúinn ár smaointe a chuir ar pháipéir bhí sé in am dúinn iad a léiriú sa chré. D’úsáid muid réimse leathan d’uirlisí, crainn fuinte, sceanra, foirc agus go leor eile! Bhí Diane ann ag cabhrú, ag treorú, ag spreagadh agus ag moladh! Ag deireadh an lae bhí rudaí fíor álainn déanta ag na páistí. Bhailigh Diane na píosaí cré go cúramach agus thóg sí léi iad lena gcur san áith chun iad a bhácáil ansin ag teocht an-ard. Tá muid ag súil go mór leis an lá a bhéas sí ag filleadh lenár bpíosaí ealaíne le crochadh ar an mballa, áit a mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu!