Gaeilge

Gaeilge

Agus an Ghaeilge mar chroílár shaol agus phobal na scoile, úsáidtear Curaclam Teanga na Bunscoile le tacaíocht a thabhairt d’aistear foghlama teanga uathúil féin gach páiste aonarach le go mbeidh siad in ann an domhan mórthimpeall orthu a thuiscint agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daoine eile.

Tugann Curaclam Teanga na Bunscoile deiseanna d’fhoghlaimeoirí eispéiris foghlama atá idirghníomhach, spraíúil, taitneamhach, suimiúil, tascbhunaithe a bheith acu i suíomh le meon dearfach le go mbeidh siad inn ann dul i ngleic le teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scribhneoireacht ar bheaalach éifeachtach.

Úsáidtear scéalaíocht, drámaíocht, filíocht, puipéid, teicneolaíocht agus spraoi digiteach le cruthaíochas agus smaointeoireacht a spreagadh agus le nasc a dhéanamh leis an saol réalaíoch taobh istigh agus taobh amuigh den scoil. Spreagann sé na foghlaimeoirí a bheith ag smaoineamh agus ag macnamh ag leibhéal criticiúil agus forbraíonn sé scileanna smaointeoireachta ard ordaithe. Spreagtar féin agus píormheasúnú le go mbeidh úinéireacht acu ar an bhfoghlaim agus an sealbhú teanga.

Cuireann an cuir chuige seo le forbairt mhothúchanach, chognaíoch agus shóisialta na bpáistí . Cruthaíonn sé ionbhá agus forbraíonn sé féiniulacht, féin-éifeachtach agus muinín. Is í an teanga an príomh-mheán cumarsáide inphearsanta agus idirphearsanta atá againn ar fad agus is eochair í d’fhorbairt an pháiste mar dhuine.

Aistear

Is é an clár Aistear an phríomhuirlis foghlama agus teagaisc a úsáidtear sa scoil le curaclam na bunscoile a chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán. Gach lá bíonn na páistí ag foghlaim tríd an súgradh faoi threoir an mhúinteora, le béim ar fhoghlaim ghníomhach agus ar fhorbairt teanga labhartha. Le linn Aistear tá na páistí ag foghlaim, ag treisiú agus ag cleachtadh scileanna sóisialta, teanga labhartha, léamh, scríobh, matamaitic, ealaín, ceol agus drámaíocht.

Is breá leis na páistí Aistear agus déantar topaic difrúil gach mí agus tugann sé seo deis iontach dóibh a gcuid scileanna uimhearthachta agus litearthachta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos bríomhaire trí rólghlacadh, cluichí agus a gcuid eispéireas fíorshaoil ​​a úsáid. Cliceáil ar an nasc thíos chun Prionsabail agus Téamaí Aistear a léamh.

Aistear

Teanga Tí

Is é is sprioc leis an scéim tacaíochta, Teanga Tí, ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh pháistí na naíonán móra i nGaelscoil Mhic Amhlaigh, an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Is scéim uile-ghabhálach í a fhreastalaíonn ar riachtanais teanga teaghlaigh dhifriúla. Is féidir go mbeadh Gaeilge mheasartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar a gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach gur mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach.

Is scéim spraíúil thaitneamhach í, ina mbuaileann teaghlaigh le chéile chun imeachtaí fiúntacha tarraingteacha do pháistí agus do dhaoine fásta araon a dhéanamh agus an Ghaeilge a spreagadh agus a chothú ag an am céanna.

Scríobh Leabhar

Tionscnamh ‘Scríobh Leabhar’: ‘Séard atá i gceist leis an scéim seo ná deis luachmhar a thabhairt do phaistí bunscoile scéal i nGaeilge a scríobh, a dhréachtadh agus a athdhréachtadh agus ar deireadh é a chur le chéile i bhfoirm leabhair. Déantar na leabhair a mhalartú ansin le scoil eile agus roghnaítear buaiteoirí ar leith. Tosaíonn an rang ag scríobh a gcuid scéalta i lár mhí na Samhna agus cuirtear na leabhair le chéile ag tús mhí Feabhra.Is fiú go mór an tionscnamh seo a cur i gcrích- cuireann muid snas agus slacht ar ár gcuid scileanna scríbhneoireachta agus bíonn leabhair áille, mhaisithe againn ag deireadh an phróisis.

Ag scríobh sa Ghaeilge
Rang-5-seachtain-Cairdeas

Seachtain na Gaeilge

Is í Seachtain na Gaeilge ceann de bhuaicphointí na scoilbhliana. Déanann muid í a cheiliúradh ag tús Mhí an Mhárta. Is coicís álainn í ina ndéanann an scoil ar fad ceiliúradh ar ghnéithe dár gcultúr idir theanga, cheol, damhsa, drámaíocht, spóirt agus litríocht. Cuirtear imeachtaí éagsúla agus gníomhachtaí ar leith ar fáil do chuile rang. Glacann aoi-chainteoirí dá leithéidí Tadhg Mac Donnagáin, Diarmuid de Faoite agus Darach Mac an Iomaire páirt inár gceiliúradh trí dhrámaí Gaeilge agus ceardlanna scríbhneoireachta a chur ar fáil do na gasúir. Bíonn lá Mór Glas agus tionóil scoile againn ar an lá deireanach agus ar ndóigh an Céilí Craiceáilte. Bíonn comórtais Ealaíne, Tráth na gCeist, Gaeilgeoir an Lae, Íoga agus maidin Caife i measc na n-imeachtaí eile. Is breá leis na páistí an choicís seo mar bíonn sé lán le spórt agus spraoi! Baineann gach éinne taitneamh agus tairbhe as imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.