Ríomhaireacht agus Teicneolaíocht

Computers

Réimhse Acmhainní níos leithne

Úsáidtear réimse leathan d’ábhar TFC sa scoil, idir ríomhairí deisce, ríomhairí glúine agus iPads. Tá clár bán idirghníomhach nó clár cliste i ngach seomra ranga.

Tá na iPads in úsáid sna seomraí ranganna ar fad agus sna seomraí Tacaíochta Foghlama chomh maith  chun cur le foghlaim na bpáistí ar bhealach atá gníomhach agus taitneamhach. Tugann sé seo deis do na páistí a gcuid scileanna a threisiú i ngach ábhar trí thaighde a dhéanamh ar thionscnamh, ríomhchlárú a fhoghlaim nó físeáin a chruthú.

Scratch

Le cúpla bliain anuas tá páistí Rang 3 ag foghlaim na scileanna a bhaineann leis an teanga ríomhaireachta SCRATCH, faoi stiúr an mhúinteoir ranga agus cúpla tuismitheoir. Is teanga ríomhchlárúcháin í seo ina bhfoghlaimíonn na páistí conas idirghníomhacha a chlárú agus a roinnt;  cuir i gcás scéalta, cluichí agus beochana. De réir mar a chruthaíonn páistí le Scratch, foghlaimíonn siad conas smaoineamh go cruthaitheach, conas comhoibríu lena chéile agus conas réasúnú go córasach.

Computers
Computers

An Tionscnamh Lego

Glacann Rang 3 páirt sa tionscnamh Lego gach bliain. Tionscnamh is ea é seo a eagraíonn Ionad Oideachais na Gaillimhe chuile bhliain. Bíonn téama difriúil ann gach bliain agus i mbliana ‘Boom Town Build’ an t-ainm a bhí air. Is deis iontach é seo do na páistí a bheith ag obair mar innealtóirí, ag smaoineamh faoi fheidhm, láidreacht agus áilleacht na struchtúr atá timpeall orthu agus na struchtúr a thógann siad féin. Tá an-bhéim ar chomhoibriú agus spraoi san obair seo. I measc na scileanna a bhíonn in úsáid tá códú mar go mbíonn teicneolaíocht mar chuid den tógáil. D’úsáid na páistí ríomhchlár ar na ipads chun a gcuid struchtúr a chur ag bogadh ar nós ardaitheoirí agus craenacha.