Bord Bainistíochta

Bord Bainistíochta

Déanann an Bord Bainistíochta bainistiú ar an scoil thar ceann an phátrúin agus tá sé freagrach don phátrún agus don Aire. Ní mór don Bhord seasamh le sainspiorad (éiteas) na scoile agus tá sé freagrach don phátrún as a leithéid a dhéanamh. Tá an príomhoide freagrach as bainistiú laethúil na scoile, agus as treoir a thabhairt do mhúinteoirí agus do bhaill foirne eile na scoile agus tá sí freagrach don Bhord as an mbainistiú sin.

Amhlaigh Tape Cutting

Seo a leanas baill an Bhoird Bhainistíochta don treimhse 2019-2023:

AinmIonadaí
Seán Ó Leidhinn-CathaoirleachParish
Dolores de BhálParish
Dairíona Nic Con IomairePríomhoide
Siobhán Uí DhálaighMúinteoir
Éamon Ó CofaighTuismitheoir
Nicola Uí ChatháinTuismitheoir
Ray Mac PháidínPobal
Siúbhán Nic GhránnaPobal

Our Vision

Ráiteas Físe na Scoile

Is bunscoil Chomhoideachais, lán-Ghaelach, Chaitliceach í Gaelscoil Mhic Amhlaigh faoi phátrúntacht Easpag na Gaillimhe a chothaíonn timpeallacht foghlama atá spreagúil, fáilteach, muiníneach, oscailte, measúil, dearfach agus comhoibritheach do chách. Is mian linn gurb áit í ina ndírítear ar fhorbairt gnéithe mórálta, spioradálta, fisiciúla, acadúla, aeistéitiúla agus cultúrtha i gcás gach dalta aonair.

Samhlaímid go dtarlóidh sé sin in atmaisféar ina bhfuil cóimheas, áit ina mothaíonn gach ball de phobal na scoile sásta agus sábháilte agus iad ag obair faoi spiorad spreagúil agus meon an díograis, agus ag an am céanna go n-aithnítear agus go ndéantar éagsúlacht a cheiliúradh. Samhlaímid suíomh Gaelach suáilceach, sona a threiseoidh cumas foghlama agus fonn oibre gach éinne a oibríonn sa scoil. Beidh sé mar sprioc againn mar fhoireann scoile atmaisféar oscailte, comhoibritheach, ionrúil, cumarsáideach agus gnaíúil a chothú inár measc féin, go mbeimid ag obair as lámh a chéile. Bheadh sé mar mhian againn de bhun taithí dhearfach foghlama go dtabharfaí spreagadh do gach páiste a gcumas féin a shroichint, tabhairt faoin saol go muiníneach, sásamh a aimsiú agus a bheith measúil i ndomhan atá ag síorathrú.