Ár Scoil

Eolas faoin Scoil

Is bunscoil Chomhoideachais, lán-Ghaelach Gaeltachta , Chaitliceach í Gaelscoil Mhic Amhlaigh faoi phátrúntacht Easpag na Gaillimhe a chothaíonn timpeallacht foghlama atá spreagúil, fáilteach, muiníneach, oscailte, measúil, dearfach agus comhoibritheach do chách. Is mian linn gurb áit í ina ndírítear ar fhorbairt gnéithe mórálta, spioradálta, fisiciúla, acadúla, aeistéitiúla agus cultúrtha i gcás gach dalta aonair.

Bunaíodh Gaelscoil Mhic Amhlaigh i 1993. Idir 1993 – 1999 bhí an scoil lonnaithe i bhfoirgnimh shealadacha i gceantar Chnoc na Cathrach. Bhogamar isteach inár gcéad scoil nua i 1999. Foirgneamh ina raibh 8 seomra ranga, halla, oifigí agus seomraí teagmhasacha. De bharr fhás agus fhorbairt na scoile agus suim sa scolaíocht as Gaeilge sa cheantar, chinntigh an Roinn Oideachais agus Scileanna scoil nua 24 seomra ranag a thabhairt dúinn i 2018 .Chomh maith leis sin tá leabharlann scoile, seomraí tacaíochta, seomra céadfaíoch, oifigí agus halla inti. Cuirtear seirbhís réamhchúraim agus iarchúraim scoile ar fáil anseo. Bhogamar isteach inár scoil úrnua i Lána an Mhuilleora i gCnoc na Cathrach i Mí Eanáir 2018.

About GMA

Aidhmeanna Gaelscoil Mhic Amhlaigh

Is é príomh-aidhm na scoile seo ná oideachas bunscoile ar ardchaighdeán a chur ar fáil as Gaeilge do pháistí Chnoc na Cathrach agus an cheantair máguaird agus forbairt a dhéanamh ar an dúchas trí fhorbairt an oideachais agus an pháiste. Is é mana na scoile ná ‘Forbairt an Dúchais trí Fhorbairt Iomlán an Pháiste’. Cruthaítear suíomh Gaelach, suáilceach sona sa scoil do na páistí mar creidtear má tá páistí sona go dtreisíonn sé a gcumas foghlama. Déantar forbairt iomlán ar iltréithe an ghasúir agus cuirtear san áireamh go bhfuil cumas agus riachtanaisí éagsúla ag chuile ghasúr.

Spreagtar na páistí a bheith bródúil as a gcultúr agus a n-oidhreacht ghaelach agus cuirtear an-bhéim ar ghnéithe den chultúr dá leithéidí an teanga, ceol, damhsa, drámaíocht, spórt, stair agus litríocht. Glacann páistí páirt i gcomórtaisí agus in go leor imeachtaí breise pobail – Féile Scoil-Drámaíochta, Scríobh Leabhar, Write-a-Book Project, Tionscnamh Ealaíne, Lá Domhanda na Leabhar, Seachtain na Gaeilge, Aifreann Pobail, An Bratach Ghlas, An Brat Cothaithe Sláinte, Brat Gníomhach, Searmanais Nollag, Spórt na Cathrach, Quiz Bord Comhar Creidmheasa, Clár Eolaíochta agus Matamaitice (Discover Primary Science and Maths), Imeachtaí Spóirt, Clár na bhFiontraithe Óga (Junior Entrepreneur), Comórtaisí Fichille, Clár Scratch agus rl. Cuirtear béim ar an rannpháirtíocht seachas sa bhuachan. Aithníonn muid go ndéanann sé an-leas do pháistí páirt a ghlacadh in imeachtaí mar seo agus go gcuireann sé go mór lena bhféinmhuinín agus lena scileanna sóisialta.

Our Vision

Ag Obair le Chéile

Ó bunaíodh an scoil cuireadh an-bhéim ar dhea-atmaisféar dearfach, oscailte, fáiltiúil, pearsanta a chothú sa scoil agus tá sé sin fós chomh rí-thábhachtach céanna dúinn ós rud é go bhfuil an scoil méadaithe go mór ó shin. Tá caidreamh an-oscailte comhoibritheach againn le tuismitheoirí agus spreagtar iad a bheith gníomhach i ngach gné de shaol na scoile. Is ar leas na bpáistí atáimid ar fad agus tuigimid go bhfuil sé rí-thábhachtach go n-oibrímid as lámh a chéile i gcónaí. Tá Coiste Tuismitheoirí spreagúil agus tacúil ag an scoil a bhfuil ról tábhachtach gníomhach acu mar pháirtnéirí i bpróiseas oideachasúil a bpáistí. Bheadh sé mar fhís againn go n-aireodh tuismitheoirí go dtéitear i gcomhairle go rialta leo, go ndéantar cumarsáid oscailte leo agus go mothaíonn siad go bhfuil luach ag baint lena gcuid tuairimí i suíomh measúil comhoibritheach. Glacann tuismitheoirí páirt in imeachtaí scoile dá leithéidí léitheoireacht chomhpháirtíoch, obair ríomhaireachta, turasanna nádúir, turasanna scoile, imeachtaí spóirt, Seachtain Ghníomhach, Aonach na Leabhar, Aonach Nollag, comórtais pheile, iománaíochta, chamagaíochta agus liathróid láimhe, comórtaisí snámha, drámaíochta agus obair stáitse agus srl. Tá a dtacaíocht riachtanach do mhaitheas na ngníomhaíochtaí seo.

Teanga Bheo

Is Gaelscoil muid agus is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teagaisc na scoile. Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa ar a dtoil ag na tuismitheoirí ach tá sé tábhachtach go mbeadh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa teaghlach. Is í aidhm na scoile ná go n-úsáidfí an Ghaeilge mar theanga bheo sa scoil.

Tá an scoil páirteach sa Scéim Aitheantais do scoileanna Gaeltachta agus táimid ag leanúint plean gnímh chun an t-aitheantas sin a bhaint amach faoi 2022.