Chuaigh Rang 2 go dtí an fheirm i dTuroe ar thuras scoile i mbliana. Bhí an-chraic againn san ionad spraoi lena chéile agus ar na caisleáin phreabadh. Bhí muid ag imirt peile taobh amuigh agus ansin bhí muid ag spraoi sa pháirc spraoi. Ina dhiaidh sin chuaigh muid timpeall na feirme leis an bhfeirmeoir agus chonaic muid na hainmhithe. Bhí cead againn breith ar na coiníní agus na hainmhithe móra a bheathú. Chonaic muid go leor ainmhithe deasa…….fiú crogall san abhainn!! Ar dheireadh bhí cead againn uachtar reoite a fháil sular tháinig an bus. Nach muid a bhí tuirseach tar éis an turas. Lá den scoth a bhí ann!