Turas Scoile Naíonáin Bheaga 2025

Bhí lá iontach ag Naíonáin Bheaga ar a dturas scoile chuig Wildlands. Bhí seans ag gach rang dul chuig trí ghníomhaíochtaí. I rang Úna, thosaíomar le Net Adventure a bhí iontach ar fad, bhí muid thuas go hard sa spéir ar an trampoline! Ansin, bhí an-spraoi againn ag an Cloud Climb. Ar deireadh bhí muid ag gléasadh suas sa Bhaile Beag, rinne muid go leor gáire anseo idir daoine ag canadh ar an stáitse agus ag dul chuig an bpríosún! Bhí lón againn agus bhíomar tuirseach traochta ag deireadh an lae an an-sásta ar fad!