Chuaigh Rang 2 ar a dturas scoile chuig an fheirm i dTuroe an tseachtain seo caite. Bhí an-spraoi acu sa chlós imeartha, ionad spraoi, ar an gcaisleán preabadh agus sa pháirc spraoi. Ina dhiaidh sin rinne siad siulóid timpeall na feirme agus bhí deis acu na hainmhithe a bheathú. Chonaic siad coiníní, éin, lachain, gabhair, caoirigh, capaill, asal, lama agus neart eile. Bhí an-lá acu. Ní h-aon ionadh go raibh chuile dhuine tuirseach tar éis na heachtraí ar fad a bhí ar siúl againn. Bhí na páistí ar fheabhas agus an-bhéasach. Buíochas do na tuismitheoirí a tháinig linn agus do muintir Turoe as ucht lá speisialta a eagrú dúinn.