Shéid na balúin suas nuair a chuir muid púdar bácála agus finéagar isteach sna buidéil.
Rinne muid bolcáin.
Uisce ag siúl
Chuir muid uisce le dathúchán bia isteach sa chéad, triú, cúigiú agus seachtú cupán. D’fhág muid iad ar feadh tamaill agus nuair a tháinig muid ar ais bhí uisce tar éis taisteal go dtí na cupáin eile.
Skittles agus uisce te.
Leáigh an t-uisce te an siúcra a bhí sna milseáin. Breathnaigh ar na dathanna ar fad.
Rísíní ag damhsa
Chuir muid gnáth uisce isteach i mbabha amháin agus chuir muid uisce súilíneach isteach sa bhabhla eile. Thosaigh na rísíní ag damhsa nuair a chuir muid iad isteach san uisce súilíneach ach níor tharla aon rud nuair a chuir muid na rísíní isteach sa gnáth uisce.