Rang Bhláthnaid ar Shiúlóid Dúlra

Chuaigh muid ar shiúlóid álainn thimpeall na scoile inné ag aimsiú rudaí sa dúlra. Bhain muid úsáid as ár gcuid céadfaí  amuigh ag siúl. Chonaic muid bláthanna álainn ag fás ar nós rósanna dearga agus buí.

Bhí boladh álainn ón labhandar atá ag fás i ngarraí na scoile. Chuimil muid planda a bhí chomh bog le veilbhit! Ba bheag nach raibh fonn orainn luí siar ann! Cluaisín Uain is ainm don phlanda sin.

Chonaic muid úllaí ag fás ar chrann úll freisin agus b’fhéidir go mbeidh muid in ann iad a bhlaiseadh sa bhFómhar! Bhí an ghrian ag scaladh sa spéir  agus tá súil againn go scalóidh sí ar feadh an tSamhraidh freisin!

Is breá linn an garraí scoile, tá an t-ádh orainn go bhfuil sé againn.