Rang a Dó Órnaith ag Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge.

Rinne muid ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge i Rang a Dó agus bhí seachtain den scoth againn.

D’fhoghlaim muid damhsaí seite an Staicín Eorna agus an Staicín Johnny. Bhí céilí mór againn sa halla i gcomhluadar Rang a hAon.

Tháinig Becky Ní Éallaithe isteach le cúpla steip a mhúineadh dúinn i ndamhsa ar an Sean-nós.

Seo muid gléasta suas in éadaí glasa ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig agus deireadh le Seachtain na Gaeilge i nGaelscoil Mhic Amhlaigh.