Páirc an Chrócaigh

Bhí lá den scoth ag na páistí le déanaí nuair a thug siad aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh dá dturas deireadh bliana agus ba bheag an locht a bhí air go raibh cúpla corn le bailiú ag na páistí i gceanncheathrú an Chumann Lúthchleas Gael. Bhain siad an-taitneamh go deo as an lá agus le cúnamh Dia feicfidh muid cuid de na páistí céanna ag dul chun páirce sna blianta amach romhainn agus geansaithe na Gaillimhe ar a ndroim acu.