Oíche Shamhna i Rang Órnaith

Bhí na páistí i rang Órnaith ag ullmhú d’ócáid an-speisialta le cúpla seachtain anuas, sin Oíche Shamhna. Bhí siad ag canadh neart amhráin, ag déanamh ealaín scanrúil, ag tógáil tithe taibhsí agus ag déanamh posóidí draíochta. Le ceiliúradh mór a dhéanamh ar an ócáid bhí cóisir mór acu, agus ghléas gach duine suas mar na carachtair a b’fhearr leo nó mar dhuine an-scanriúil. Thaitin an lá go mór le gach duine, bhí an-spraoi acu!