Bhí an trí Rang a 3 páirteach sa dtionscnamh Lego league Explore i gcomhairle leis an Ionad Oideachas. An téama a bhí againn i mbliana ná Caitheamh aimsirí. Bhíomar ag obair as lámha a chéile i ngrúpaí beaga agus tharraing muid pictúirí chun cabhrú linn oibriú amach cén bealach a chabhródh teicneolaíocht le páistí le riachtannaisí breise páirt iomlán a ghlacadh i gcúrsaí spóirt. Ghlacamar páirt i dtaispeántas ollmhór lego i dteannta le scoileanna eile in Óstan an Chlayton i mí Bealtaine agus bhaineamar as-sult agus tairbhe as.