Lá Spóirt i Rang 2 Karen agus Christina

Bhí lá spóirt againn le déanaí agus nach againn a bhí an spraoi! Rinne muid go leor imeachtaí difriúla agus bhain muid triail as spóirt éagsúla. D’fhoghlaim muid neart scileanna nua agus bhí cluichí spraíúla againn. Thaithin an dioscó go mór linn freisin. Tháinig an veain uachtar reoite ar cuairt agus bhí muid sona sásta. Lá iontach a bhí ann!