Bhí spórt agus spraoi ag an rang agus iad ag gléasadh suas mar charachtar ó leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Bhí Where’s Wally, Isadora Moon, Elsa, Anna, Pikachu, Ronaldo, Salah, Spiderman, Batman, Ninja, Willy Wonka, Díneasár, superheroes, cailleach, banphrionsa againn! Dhearaigh muid leabharmharc agus léigh muid go leor leabhar. Is breá linn léitheoireacht sa rang seo!