Foghlaim le spraoi ag deireadh R1 Bríd

Tar éis bliain a chaitheamh ag obair go dian, tá sé in am dúinn rud beag foghlaim le spraoi a dhéanamh taobh istigh agus taobh amuigh den seomra ranga. Seo muid ag spraoi mar innealtóir le Lego sa seomra ranga ag cuir píosaí le chéile chun carr a chur le chéile. Leis na brící spraoi bhí muid ag obair le chéile agus ag úsáid ár samhlaíocht chun rud éigin a thógáil. Thóg muid bád agus zú. Bhí an-spraoi againn agus go leor foghlaim ar bun.