Feirm Peataí an Tuar Rua

Chuaigh Rang 2 ar thuras scoile go dtí feirm peataí an Tuar Rua i mBaile Locha Riach. Thaitin sé go hiontach leo. Bhí neart le déanamh acu an lá ar fad. Bhí siad ag beathú na hainmhithe, ag preabadh ar an gcaisleán preabadh faoi dhíon is mó san Eoraip agus bhí siad ag baint an-sult as an dá pháirc spraoi agus astró a bhí ar an láthair. Chodail siad ar fad ar an turas bus abhaile!