Féile Scoil Drámaíochta

Ghlac Rang a 4 páirt sa bhFéile Scoil Drámaíochta i mí Márta agus rinneadar thar barr ar fad. Tá na múinteoirí ó Rang a 4 an-bhródúil astu agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le na páistí, na tuismitheoirí agus na múinteoirí ar fad as ucht an chabhair agus an tacaíocht ar fad a thug sibh dúinn agus muid ag ullmhú don Fhéile. Seo cúpla grianghraf ó Rang Áine a rinne an dráma Paddington.