ETIM Naíonáin Mhóra Barbara

Bhí an-ghrá ag na páistí don ETIM i mbliana. D’úsáid muid Beebots, Makey Makeys, agus ghlac muid páirt sa chlár LEGO Bricks for Life. Bhí siad an-mhaith ag leanúint treoracha, ag obair mar chuid de ghrúpaí agus ag cur lena gcuid scileanna eagrúcháin. Bhí an-suim acu i gcónaí a fháil amach conas a oibríonn gach rud a d’úsáid siad. Maith sibh!