Ag garraíodóireacht le Rang 5 Eilís & Olivia

‘Is maith an t-anlann an t-ocras’.
An t-Earrach seo caite, chuir Rang 5 síolta le Declan Ffrench. Chuaigh na páistí amach inniu le feiceáil an raibh toradh a gcuid oibre le feiceáil sa gcré. Is léir ó na pictiúirí go raibh! D’fhás cairéid agus pónairí Francacha agus bhí na páistí breá sásta ag dul abhaile le roinnt glasraí don dinnéar! Buíochas mór le Declan as ucht a gcuid oibre!