Tuismitheoirí

Focal ón bPríomhoide

Míle fáilte romhat chuig suíomh gréasáin Ghaelscoil Mhic Amhlaigh. Tá súil againn go dtabharfaí sé blaiseadh beag duit de shaol na scoile agus gach a bhaineann leis. Sé’n príomh aidhm atá againn i nGaelscoil Mhic Amhlaigh ná oideachais bunscoile d’ardchaighdeán a chur ar fáil tré mhean na Gaeilge do pháistí Chnoc na Cathrach agus an cheantair maguaird agus forbairt a dhéanamh ar an dúchais trí fhorbairt an oideachais agus an pháiste . Sé mána na scoile ná ‘ Forbairt an Dúchais trí Fhorbairt Iomlán an pháiste’. Cruthaítear suíomh Ghaelach , suailceach ,sona sa scoil do pháistí mar creidtear má tá páistí sona go dtreisíonn sé a gcumas foghlamtha .Tugtar gach deis do chuile pháiste an cumas iomlán atá iontu a bhaint amach trí gach spreagadh a sholáthar dóibh inár bhfoirgneamh álainn nua scoile. Is é an fís atá againn do na páistí inár scoil ná go mothóidís sona sásta, sábháilte, go mothoidís go dtuigtear iad agus go mbeidís muiníneach go n-aithnítear iad mar dhaoine aonair iontacha in ainneoinn a gcumais , go mbeadh féachaint chuige acu dóibh féin agus dá gcomhaoisigh , go mbeadh féin dhearcadh agus aitheantais chultúrtha acu, go mbeadh meas acu orthu féin agus ar dhaoine eile. Tá gaol álainn oscailte có-oibríoch le braithint sa scoil idir an fhoireann , na páistí agus na tuismitheoirí . Oibríonn gach éinne as lámh a chéile chun an toradh is fearr a bhaint amach don pháiste. Ní neart go cur le chéile. Tá súil agam go mbainfí tú taitneamh agus tairbhe as do chuairt chuig ár suíomh gréasáin nua.

Dairíona Nic Con Iomaire
Príomhoide

Coiste na dTuismitheoirí

Is grúpa tuismitheoirí iad Cumann na dTuismitheoirí, Gaelscoil Mhic Amhlaigh atá an-fháilteach agus tiomanta agus a bhfuil baint ghníomhach acu le go leor gnéithe de shaol na scoile.

Tá an coiste comhdhéanta de thuismitheoirí páistí ó naíonáin shóisearacha go rang a 6 agus mar sin tá ionadaíocht ag an scoil iomlán le coiste nua a thoghtar gach bliain. Déanann siad a ndícheall a chinntiú go bhfuil deis ag gach tuismitheoir a bheith páirteach ar bhealach éigin.

Tionólann Cumann na dTuismitheoirí a gcruinnithe sa scoil gach 6 seachtaine agus oibríonn siad leis an bpríomhoide, leis an bhfoireann agus leis an mbord bainistíochta chun ról bríoch a imirt i dtacú le haidhmeanna agus cuspóirí na scoile.

Reáchtálann an coiste, in éineacht le cabhair ó thuismitheoirí eile, imeachtaí dá leithéidí tráth na gceist bliantúil agus aonach iontach Nollag. Tá baint acu le seachtain ghníomhach a eagrú agus a stiúradh chomh maith le tacaíocht a sholáthar don scoil ar go leor ócáidí tábhachtacha, ag tairiscint sólaistí ar laethanta oscailte scoile, lá na seantuismitheoirí, ceiliúradh scoile agus oíche bhronnta céime.

Eagraíonn an coiste, in éineacht le tacaíocht ón gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí, aoichainteoirí chun cainteanna a thabhairt ar ábhair a bhaineann le tuismitheoireacht an lae inniu, cuir i gcás cibearbhulaíocht agus bia sláintiúil.

Bíonn Cumann na dTuismitheoirí i gcónaí ag lorg baill nua, oibrithe deonacha, smaointe nó tionscnaimh nua spreagúla, mar sin má tá suim agat páirt a ghlacadh ann, bí linn ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil, ag tráthnóna faisnéise ranga nó téigh i dteagmháil linn trí oifig na scoile. Míle buíochas as bhur dtacaíocht ar fad.

Ní neart go cur le chéile.